Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Agallamh le hÁine Hensey, RTÉ Raidió na Gaeltachta

March 2, 2020 at 1:00 pm - 2:00 pm

Agallamh le hÁine Hensey, RTÉ Raidió na Gaeltachta

Theatre 1

Agallamh dátheangach le hÁine Hensey, láithreoir/léiritheoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Bilingual interview with Áine HenseyRTÉ Raidió na Gaeltachta presenter/producerconducted by Dr Sorcha de Brun, Léann na Gaeilge, University of Limerick.

Déanfaidh Áine an taifeadadh don tsraith raidió ‘Ar Bhruach na Sionainne’ a fhógairt mar chuid den imeacht seo freisin. Is clár raidió é seo a chraoltar le linn an tsamhraidh agus déanann mic léinn na Dáimhe an taighde, an cur i láthair agus an léiriúchán ar fad faoi stiúir Áine agus Máire Ní Ghráda, Léann na Gaeilge UL. Tabharfaidh foireann na sraithe blaiseadh den chlár féin ar an lá chomh maith. Áine will also announce details for the upcoming recording on campus of ‘Ar Bhruach na Sionainne, a six-part Irish language radio series which airs every summer on RTÉ Raidió na Gaeltachta and is researched, presented and produced by students of the Irish World Academy of Music and Dance under the guidance of Áine Hensey and Máire Ní Ghráda, Léann na Gaeilge UL. This year’s team of presenters will provide a taster of the series on the day.

Tá Áine Hensey ag obair mar chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 1995, ag plé le cláracha ceoil ar nós An Ghealach Ghorm, Binneas Béil, Béal Maidine, An Ghaoth Aniar agus go leor eile. Chaith sí seal le Clare FM agus RTÉ Radio 1 chomh maith. Tá sí mar stiúrthóir ar an fhéile Consairtín agus is ball í de bhord stiúrtha Taisce Cheol Dúchais na hÉireann. Bhain sí amach céim dochtúireachta sa stair in Ollscoil Mhaigh Nuad i 2012.

Details

Date:
March 2, 2020
Time:
1:00 pm - 2:00 pm